Seachtar na Cásca-James Connolly

2 years ago
13

Rugadh James Connolly, ar de bhunadh Éireannach é, i gceantar bocht i nDún Éideann. Chuaigh sé isteach in Arm na Breataine nuair nach raibh sé ach 15 bliain d'aois. Sóisialaí amach is amach a bhí ann agus i gcaitheamh a shaoil rinne sé a dhícheall na daoine a chur chun cinn. Throid sé in aghaidh lucht tionsclaíochta agus lucht caipitil. Mar bhall d'Arm Cathartha na hÉireann i dteannta Óglaigh an Phiarsaigh thug sé aghaidh dhamanta ar Arm na Breataine le linn Sheachtain na Cásca 1916. Le linn an Éirí Amach, gortaíodh go dona é, cuireadh cúirt airm air agus daoradh chun báis é.

Loading comments...